16 Agus ar siubhal dó láimh ré fairge na Galilé, do chonnairc sé Síomón agus Aíndrias a dhearbhráthair ag teilgean lín ann sa bhfairge: (óir do budh íasguireadha íad.)
17 Agus a dubhairt Iósa ríu, Leanaidh misi, agus do dhéana mé íasguireadha ar dháoinibh dhíbh.
18 Agus ar bhfagbháil a líontadh ar an mball dóibhsion, do leanadar é.
19 Agus ar nimtheachd dó beagan as sin, do chonnairc sé Séumas mhac Sebede, agus Eoin a dhearbhráthair, agus íad a luing ag córugbadh a líontadh.
20 Agus do ghoir sé íad ar an mball: agus ar bhfagbháil Sebedé a nathar dhóibhsion an sa luing maille ris an luchd túarasdail, do leanadar é.
21 Agus tíaghuid a sdeach go Capernáum; Agus ar an mball sá stsabbóid do chúaidh Iosa don tsionsgóig, agus do theaguisg sé ann.
22 Agus do ghabh iongnadh íadsan fá na theagasg: óir do theaguisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe.