28 Agus do chúaidh a chlúsan ar an mball ar feadh na tíre uile a dtimcheall na Galilé.
29 Agus mar is lúaithe, do chúadar as an tsionagoig, tangadar go tigh Shimóin agus Sindriáis, ma ráon ré Súemas agus ré Héoin.
30 Agus do bhí mathair mhná Shimóin na luighe a bfiabhrus, agus do labradarsan do láthair risean na tímcheall.
31 Agus táinic seision na cionn agus do thóg sé í, ag breith ar láimh uirrthe; agus do dhealuigh an fíabhrus ría ar am mball, agus do rinne si friothólamh dhóibh.
32 Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, ar ndul don ghréin fáoi, tugadar chuige gach áon dá raibh easlan, agus an a rabhadar deamhain.
33 Agus do bhí an chathair uile ar gcruinniughadh chum an doruis.
34 Agus shlánuigh sé mórán ar a rabhadar easláinteadha ilghnétheacha, agus do theolg sé amach mórán deamhan; agus níor fhulaing sé do na deamhnuibh a rádh, go raibh éolus aca air.