35 Agus ar maidin, go romhoch ar néirghe dhó a ndeireadh na hoidhche, do chúaidh sé amach, agus do imthigh sé go háit fhásamhuil, agus do rinne sé urnuighthe ann sin.
36 Agus do lean Siómon é, agus an dream do bhí na fhochuir.
37 Agus an tan fúaradar é, a dubhradar ris, Atá gach áonduine dod íarruigh.
38 Agus a deir seision ríu, Déanam do na bailtibh beaga so láimh rinn, do chum go ndéanuinn seanmoir ann sin leis: óir is chuige so tháínic me a mach.
39 Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaibh ar feadh na Galilé uile, agus do theilg sé na deamhain a mach.
40 Agus tig lobhar chuige, dá léigean ar a ghlúinibh dhó, ag íaruigh dathchuinge air, agus dá rádh ris, Más toil leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh.
41 Agus ar ngabháil truaighe móire Díosa dhó, agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, agus a dubhairt sé ris, Is toil; bí glan.