8 Go deimhin do bhaisd misi sibh lé huisge, achd cheana baisfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh.
9 Agus tarla ann sna laéthibh sin, go dtainic Iosa ó Nasarét na Galilé, agus gur baisdeadh é a Iórdan lé Héoin.
10 Agus ar ndul súas dó ar an mball as a nuisge, do chonnairc sé neamh ar ná sgóiltadh ó cheile, agus an Spiorad ag tuirrling airsion a riochd choluim:
11 Agus táinic guth ó neamh, Is tusa mo Mhac grádhachsa, an a bhfuil mo mhór thoil.
12 Agus ar an mball do tharruing an Spiorad é ar an bhfásach.
13 Agus do bhí sé ann sin ar an bhfásach dhá fhithchead lá, ág fulang chathuighthe ó Shátan; agus do bhí sé a bhfochair na mbeitheach allta; agus do bhí na haingil ag mionasdrálachd dó.
14 Agus tar éis Eóin do chur a bpriosún, táinic Iósa don Ghalilé, ag seanmoir soisgéil rioghachda Dé,