12 Agus má leigeann bean a fear, agus go bpósfadh sí ré fear eile, do ní sí adhaltrannas.
13 Agus tugadar chuige leínibh, do chum go mbeanfadh sé ríu: agus do imdheargadar a dheisciobail an mhuinntir thug léo íad.
14 Achd an tan do chonnairc Iósa sin, do bhí míchéudfaidh aige orrthá, agus a dubhairt sé ríu, Leigidh do na leanbaibh teachd chugamsa, agus na toirmeasgaidh íad: óir is lé na leithéidibh súd flaitheas Dé.
15 A deirim ribh go fírinneach, gidh bé nach géubha rioghachd Dé chuige mar leanabh, nach racha sé a sdeach go brath innti.
16 Agus an tan do ghabh sé chuige íad an a uchd, ar gcur a lámh orrtha, do bheannaigh sé íad.
17 Agus an tan do chúaidh sé a mach ar a tslighidh, do rith óglach chuige, agus do léig sé ar a ghlúinibh dhó é, agus do fhíafruigh sé dhe, A Mhaighisdir mhaith, Créd do dhéuna mé do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach doighreachd?
18 Agus a dubhairt Iósa ris, Créd fá ngoireann tú maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith, ach Día amhain.