17 Agus an tan do chúaidh sé a mach ar a tslighidh, do rith óglach chuige, agus do léig sé ar a ghlúinibh dhó é, agus do fhíafruigh sé dhe, A Mhaighisdir mhaith, Créd do dhéuna mé do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach doighreachd?
18 Agus a dubhairt Iósa ris, Créd fá ngoireann tú maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith, ach Día amhain.
19 A tá fios na naitheantadh agad, Ná déuna adhaltrannus, Ná ndéuna dunmharbhadh, Ná déuna goid, Ná déuna díadhnuisi bréige, Ná déuna mealltóireachd, Onóruigh thathair agus do mháthair.
20 Achd ar bhreagra dhósan, a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do choimhéud mé íad so uile ó móige.
21 Achd ar bhféuchain Díosa air, tug sé gradh dhó, agus a dubhairt sé ris, A tá én ní duireasbhuidh ort: imthigh, reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochdaibh, agus do ghéubha tú cisde ar neamh: agus tárr, tóg do chros, agus lean misi.
22 Agus do ghabh doilgheas eisean ar son an chomhráidh sin, agus do imthigh sé go tuirseach: óir do bhí iomad saidhbhris aige.
23 Agus an tan do fhéuch Iósa na thimcheall, a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Créd é a dhocamhluighe don mhuinntir agá bhfuil saidhbhrios dul a sdeach go flaitheas Dé!