22 Agus do ghabh doilgheas eisean ar son an chomhráidh sin, agus do imthigh sé go tuirseach: óir do bhí iomad saidhbhris aige.
23 Agus an tan do fhéuch Iósa na thimcheall, a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Créd é a dhocamhluighe don mhuinntir agá bhfuil saidhbhrios dul a sdeach go flaitheas Dé!
24 Agus do bhí úathbhás ar a dheisciobluibh tré na bhríathruibh. Agus ar bhfreagra Díosa a rís, a dubhairt sé riú, A chlann, créd é dhocrachd don mhuinntir chuireas a ndóigh a saidhbhreas, dul a sdeach go flaitheas Dé!
25 As fusa do chámhall dul tré chró snáthaide, ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach do flaitheas Dé.
26 Achd do ghabh barrúathbháis íadsan, ag rádh eatorra féin, Máseadh cía is éidir do shlánughadh?
27 Agus ar bhféuchuin Díosa orrtha a dubhairt sé, Ní bhfuil so air chumas do dháoinibh, achd a tá sé ar chumas do Dhía: óir a táid na huile neithe soidhéunta do Dhía.
28 Agus do thionnsgain Peadar a rádh ris, Féuch, do thréigeamairne gach uile ní, agus do leanamar thusa.