4 Agus a dubhradarsan, Dfulaing Máoisi leitir dhealaighthe do sgríobhadh, agus a leigean.
5 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Is ar son chrúais bhur gcroidhesi do sgríobh sé a naithnesi dhíbh.
6 Gidheadh ó thósach an chruthaighthe fear agus bean do rinne Día íad.
7 Ar a nadhbharsin fúicfidh neach a athair agus a mhathair, agus ceangalfuigh sé dha mhnaoi;
8 Agus béid a ráon na náoin fhéoil: ionnas nach días íad as sin a mach, achd éin fhéoil amháin.
9 Ar a nadhbharsin gidh bé ní do cheangail Día ré chéile, na sgáoileadh duine é.
10 Agus a stigh a rís do chuireadar a dheisciobuil ceisd fán ní céudna sin air.