47 Agus an tan do chúaliuidh sé gur be Iósa Nasardha do bhí ann, do thionnsgain sé éighmhe, agus a rádh, A Iósa mhic Dhaibhí, déana trócaire orum.
48 Agus do imdheargadar mórán é, do chum go mbíadh sé na thochd: achd is móide do éighmheadh seision sin, A mhic Dhaibhí, déuna trócaire oram.
49 Agus ar seasamh Díosa, a dubhairt sé, eisean do ghairm chuige. Agus do ghoireadarsan an dall, dá rádh ris, Bíodh dóchas maith agad, éirigh; a tá sé dod ghairm.
50 Agus ar dteilgean a bhruit úadh dhosan, do éirigh se, agus táinic sé chum Iósa.
51 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Créud is mían leachd misi do dhéunamh dhuit? Achd a dubhairt an dall ris, A mhaighisdir, mo radharc aiseag dhamh.
52 Agus a dubhairt Iósa ris, Imthigh; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an mball fuair sé a radharc, agus do lean sé Iósa sa tslighe.