8 Agus béid a ráon na náoin fhéoil: ionnas nach días íad as sin a mach, achd éin fhéoil amháin.
9 Ar a nadhbharsin gidh bé ní do cheangail Día ré chéile, na sgáoileadh duine é.
10 Agus a stigh a rís do chuireadar a dheisciobuil ceisd fán ní céudna sin air.
11 Agus a dubhairt seision ríu, Gidh bé ar bith duine léigfios a bhean, agus bhéuras bean eile, do ní se adhaltrannus na haghaidh.
12 Agus má leigeann bean a fear, agus go bpósfadh sí ré fear eile, do ní sí adhaltrannas.
13 Agus tugadar chuige leínibh, do chum go mbeanfadh sé ríu: agus do imdheargadar a dheisciobail an mhuinntir thug léo íad.
14 Achd an tan do chonnairc Iósa sin, do bhí míchéudfaidh aige orrthá, agus a dubhairt sé ríu, Leigidh do na leanbaibh teachd chugamsa, agus na toirmeasgaidh íad: óir is lé na leithéidibh súd flaitheas Dé.