1 Agus an tan thangadar a bhfogus do Ierusaleim, go Betpháge agus Betánia, ag slíabh na Noluidheadh, do chuir sé días dá dheisciobluibh úadh,
2 Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh don bhaile úd thall as bhur gcomhair, agus mar ráchtáoi a sdeach ann, do gheubhtháoi searrach ceanguilte, ar nár shuidh éunduine ríamh; sgáoilidh é, agus tabhruidh libh é.
3 Agus má deir éinneach ribh, Créud fá ndéuntáoi so? abruidh go bhfuil a ríachdanus ar an Dtighearna; agus cuirfidh sé úadh ann so ar ball é.
4 Achd do imthigheadarsan, agus fúaradar an searrach ceangailte ag an dorus don táoibh a muigh a ccomhrug dhá shligheadh; agus do sgáoileadar é.
5 Agus a dubhradar dream áirighthe don mhuinntir do bhí na seasamh ann sin riú, Créd do níthí, ag sgáoileádh an tsearraigh?
6 Achd a dubhradarsan riú mar do aithin Iósa: agus do leigeadar úatha íad.
7 Agus tugadarsan an searrach chum Iósa, agus do theilgeadar a mbruit air; agus do shuidh sé air.