10 Is beannuighthe ríoghachd ar nathar Dáibhí, thig a nainm an Tighearna: Hosanna ann sna hárdaibh.
11 Agus do chúaidh Iósa a sdeach go Híarusaléim, agus don teampoll: agus ar bhféuchain na thimcheall ar gach én ní dhó, ar mbeith don tráth nóna ann, do chúaidh sé a mach go Betánia maille ris an dá fhear dheúg.
12 Agus an la na dhiáigh sin, an tan do chúadar a mach as Betánia, do ghabh ocrus é:
13 Agus an tan do chonnairc sé crann fíge a bhfad úadh ar a raibh duilleabhar, táinic sé, dhá fhéuchain an bhfuigheadh sé éin ní air: agus an tan tháinic sé chuige, ní bhfúair sé éin ní achd na duilléoga; óir nír bhí aimsir na bhfigidhe í.
14 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris an gcrann fíge, O so súas nár ithe duine ar bith toradh dhiot go bráth. Agus do chúaladar a dheisciobail é.
15 Agus tangadar go Híarusaléim: agus ar ndul a sdeach don teampoll Díosa, do thionnsgain sé an dream do bhí ag reic agus ag ceannach ann sa teampoll, da chur a mach agus do theilg sé air lár buird luchd malarta an airgid, agus caithireacha luchd reaca na gcolum;
16 Agus ní fhuilngeadh sé go niomchoradh duine ar bith soightheach thríd an teampoll.