4 Achd do imthigheadarsan, agus fúaradar an searrach ceangailte ag an dorus don táoibh a muigh a ccomhrug dhá shligheadh; agus do sgáoileadar é.
5 Agus a dubhradar dream áirighthe don mhuinntir do bhí na seasamh ann sin riú, Créd do níthí, ag sgáoileádh an tsearraigh?
6 Achd a dubhradarsan riú mar do aithin Iósa: agus do leigeadar úatha íad.
7 Agus tugadarsan an searrach chum Iósa, agus do theilgeadar a mbruit air; agus do shuidh sé air.
8 Agus do leathnuigheadar mórán a mbrait ar a tslighe: agus do ghearradar drong eile géuga do na crannuibh, agus do chroitheadar ar a tslighe íad.
9 Agus an luchd do bhí rompa, agus na ndíaigh do éighmheadar, ag rádh, Hosanna; Is beannaighthe an té thig a nainm an Tighearna:
10 Is beannuighthe ríoghachd ar nathar Dáibhí, thig a nainm an Tighearna: Hosanna ann sna hárdaibh.