7 Agus tugadarsan an searrach chum Iósa, agus do theilgeadar a mbruit air; agus do shuidh sé air.
8 Agus do leathnuigheadar mórán a mbrait ar a tslighe: agus do ghearradar drong eile géuga do na crannuibh, agus do chroitheadar ar a tslighe íad.
9 Agus an luchd do bhí rompa, agus na ndíaigh do éighmheadar, ag rádh, Hosanna; Is beannaighthe an té thig a nainm an Tighearna:
10 Is beannuighthe ríoghachd ar nathar Dáibhí, thig a nainm an Tighearna: Hosanna ann sna hárdaibh.
11 Agus do chúaidh Iósa a sdeach go Híarusaléim, agus don teampoll: agus ar bhféuchain na thimcheall ar gach én ní dhó, ar mbeith don tráth nóna ann, do chúaidh sé a mach go Betánia maille ris an dá fhear dheúg.
12 Agus an la na dhiáigh sin, an tan do chúadar a mach as Betánia, do ghabh ocrus é:
13 Agus an tan do chonnairc sé crann fíge a bhfad úadh ar a raibh duilleabhar, táinic sé, dhá fhéuchain an bhfuigheadh sé éin ní air: agus an tan tháinic sé chuige, ní bhfúair sé éin ní achd na duilléoga; óir nír bhí aimsir na bhfigidhe í.