32 Agus a dubhairt an sgríobuidhe ris, Is maith, a Mhaighisdir, a dubhairt tú an fhírinne: as éin Día a tá ann; agus ní bhfuil atharrach ann achd é féin:
33 Agus a ghrádhughadh as a gcroidhe uile, agus as a tuigsin uile, agus as a nanum uile, agus as a mbrígh uile, agus an chomharsa do ghrádhughadh mar é féin, is mó sin ná na huile íodhbartha agus ofráil.
34 Agus an tan do chonnairc Iósa gur thuigseach do fhreagair sé, a dubhairt sé ris, Ní fada ó fhlaitheas Dé atá tú. Agus níor lamh éinneach ó sin súas ceisd do chur air.
35 Agus ar bhfreagrá Díosa a dubhairt sé, ag teagasg ann sa teampoll, Cionnas a deirid na sgríobuidhe gur ab é Criosd mac Dháibhi?
36 Oír a dubhairt Dáibhi féin tríd an Spíorad Náomh, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.
37 Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhí féin a Thighearna dhe; agus cionnas a tá sé na mhac aige? Agus do éisd cudeachda mhor go fonnmhar ris.
38 Agus a dubhairt sé ríu an a theagasg, Coimhéuduidh sibh ó na sgríobuidhibh, lé nab ionmhuin siobhal a gculadhaibh fada, agus fáiltighe dfagháil ar na margaidhibh.