36 Oír a dubhairt Dáibhi féin tríd an Spíorad Náomh, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.
37 Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhí féin a Thighearna dhe; agus cionnas a tá sé na mhac aige? Agus do éisd cudeachda mhor go fonnmhar ris.
38 Agus a dubhairt sé ríu an a theagasg, Coimhéuduidh sibh ó na sgríobuidhibh, lé nab ionmhuin siobhal a gculadhaibh fada, agus fáiltighe dfagháil ar na margaidhibh.
39 Agus na céud ionuid suidhe ann sna sínagógaibh, agus tús suidhe súas ar na féusdaighibh:
40 Noch shluigeas tighe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag úrnuighe: do gheubhuid so an breitheamhnus is truime.
41 Agus an tan do shuidh Iósa as comhair ionad coimhéuda an chisde, tug sé dhá aire cionnas do chuireadh an pobal ionmhuis ann: agus do chuireadar mórán do dháoinibh saidhbhre mórán ann.
42 Agus ar dteachd do bhaintreabhaigh bhochd áirighe, do theilg sí ann dhá phíosa beaga do ní feóirlinn.