6 Achd do bhí aige fós éun mhac, a mháin ionmhuin, agus do chuir sé éisean mar an gceadna chuca fá dheireadh, ag rádh, Do bhéuruid síad onóir dom mhac.
7 Achd a dubhradar na sgológa eatorra féin, Is é so an toidhre; tigidh, marbhum é, agus budh linn féin an oidhreachd.
8 Agus ar mbreith air, do mharbhadar é, agus do theilgeadar as an bhfíneamhain a mach é.
9 Ar a nadhbharsin créud dhéanas tighearna na fíneamhna? Tiocfaidh sé agus sgriosfuidh sé na sgológa, agus do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh eile.
10 An né nár léughabhair an sgriobtúir so; An chloch do dhíultadar na sáoir is í atá air na déanamh na ceann sa chúainne:
11 Is é an Tighearna do rinne so, agus is iongnadh é ann ar súilibhne.
12 Agus do iarradarsan breith air, achd do bhí eagla an phobail orrtha: óir do thuigeadar gur ab na naghaidh féin a dubhairt sé an chosamhlachd sin, agus ar na fhagbhail do imthigheadar rompa.