12 Agus an céad lá do shollamain a naráin gan laibhín, an tan do ghuáthaighdís an túan cásg do mharbhadh, a dubhradar a dheisciobail ris, Gá hait ar toil leachd sinne do dhul dullmhughadh do chum go níosdá úan na cásg?
13 Agus do chuir sé días dá dheiscioblaibh, agus a dubhairt sé riú, Imthighidh don chathraigh, agus téigeamhaidh neach oraibh ag iomchar soithigh uisge: leanaidh é.
14 Agus gidh bé ar bith tigh a racha sé a sdeach, abraidh ré fear an tighe, go nabair an Maighisdir, Cáit a bhfuil an séomra a nfear nuadh phosta ann a níosa mé an túan cásg a bhfochair mo dheisciobal?
15 Agus taisbéanuidh seision dhíbh séomra árd fairsing deaghmhaiseach ullumh: ullmhuighidh é dhúinn ann sin.
16 Agus do imthigheadar a dheisciobail, agus tangadar don chathraigh, agus fúaradar mar a dubhairt seision riú: agus do ullmhuigheadar an cháisg.
17 Agus ar dteachd don tráthnóna tháinic seision maille ris an dá fhear dhéug.
18 Agus an tan do shuidheadar agus do chaitheadar bíadh, a dubhairt Iósa, A deirim ribh go fírinneach, Go mbraithfi fear dhíbh misi noch a tá ag ithe bídh am fhochair.