15 Agus taisbéanuidh seision dhíbh séomra árd fairsing deaghmhaiseach ullumh: ullmhuighidh é dhúinn ann sin.
16 Agus do imthigheadar a dheisciobail, agus tangadar don chathraigh, agus fúaradar mar a dubhairt seision riú: agus do ullmhuigheadar an cháisg.
17 Agus ar dteachd don tráthnóna tháinic seision maille ris an dá fhear dhéug.
18 Agus an tan do shuidheadar agus do chaitheadar bíadh, a dubhairt Iósa, A deirim ribh go fírinneach, Go mbraithfi fear dhíbh misi noch a tá ag ithe bídh am fhochair.
19 Agus do thionnsgnadarsan bheith go dubhach, agus ag rádh ris a ndíaigh a chéíle, An misi é? agus fear eile, An misi é?
20 Agus ar bhfregra dhósan a dubhairt sé riú, Is fear don dá fhear dhéug é, thumas maráon riumsa sa meis.
21 A tá Mac an duine ag imtheachd go firinneach, mar a tásgríobhtha air: achd is anáoibhinn don fhear úd lé a mbraiththear Mac an duine! do bfearr do nfearsin nách beirthí e ríamh.