21 A tá Mac an duine ag imtheachd go firinneach, mar a tásgríobhtha air: achd is anáoibhinn don fhear úd lé a mbraiththear Mac an duine! do bfearr do nfearsin nách beirthí e ríamh.
22 Agus ar mbeith ag caotheamh bídh dhóibhsean, do ghlac Iósa arán, agus tar eis a bheannaighthe, do bhris sé, agus tug sé dhóibhsean é, agus a dubhairt sé, Glacaidh, ithidh: is sé so mo chorpsa.
23 Agus ar nglacadh an chupáin dó, an tan rug sé buidheachus, tug sé dhóibhsin é: agus do ibheadar uile as.
24 Agus a dubhairt sé ríu, Ag so mfuilsi na tiomna núaidhe, dhóirtear air sin mhóráin.
25 A deirim ribh go fírinneach, Nach iobha mé feasda do thoradh na fíneamhna, go nuige an lá úd an a niobha mé núa é a rioghachd Dé.
26 Agus an tan do chanadar salm, do chúadar a mach go slíabh na Noluigheadh.
27 Agus a dubhairt Iósa riú, Do ghéúbhtháoi uile oilbhéim ionnamsa a nochd: oir a tá sgríobhtha, Búailfidh mé an táodhaire, agus spréighfighthear na cáoirigh.