28 Achd tar éis misi eiséirghe, rachaidh mé romhaibhsi don Ghalilé.
29 Achd a dubhairt Peadar ris, Má gheibhid cách uile oilbhéim ionnad, ní bhfuighe misi é.
30 Agus a dubhairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneach, A niugh, ann sa noidhche nochd féin, ní is táosga ná ghoirfeas an coileach fá dhó, go séanfa tú mé trí húaire.
31 Achd is móide a dubhairt seision, Dá madh éigean damh bás dfulang ad fhochair, ní shéanfa mé thú go bráth. Agus a dubhradar cách uile mar an gcéadna.
32 Agus tangadar don ionad dar ab ainm Getsémane: ann sin a dubhairt seisin ré na dheisciobluibh, Suidhigh ann so, go ndéuna mé urnuighe.
33 Agus rug sé Peadar agus Séumas agus Eóin leis, agus do thionnsgain sé bheith go critheaglach brónach;
34 Agus a dubhairt sé riú, A tá manam tuirseach go dtí an bás: fanaidhsi ann so, agus déanaidh faire.