35 Agus ar nimtheachd roimhe dhó beagán, do thuit sé ar talamh, agus do rinne sé urnuighe, ionnus da madh éidir é, go rachadh an úair thairis.
36 Agus a dubhairt sé, Abbá, a Athair, a tá gach ní soidhéanta dhuitsi; cuir an cupánso thoramsa: gidheadh nár ab é an ní bhus toil leamsa, achd an ní bhus toil leachdsa.
37 Agus tháinic sé, agus fúair sé índsan na gcodladh, agus a dubhairt sé ré Peadar, A Shimóin, an bhfuil tú ad chódladh? an né nar bhéidir leachd faire éan úaire do dhénnamh?
38 Déunaidh faire agus urnuighe, do chum nách dteigeamhadh a ccathughadh sibh. A tá an spiorad ullamh go deimhin, achd a tá an cholann anbhfann.
39 Agus ar nimtheachd úatha a rís, do rinne sé urnuighe, ag rádh na mbríathara gcéudna.
40 Agus ar bhfilleadh dhó, fúair sé a rís na gcodladh íad: (óir do bhádar a súile trom: agus ní raibh a fhios aca cionnas do bhéuraidís freagra air.
41 Agus táinic sé an treas úair, agus a dubhairt sé riú, Codluidh a nois, agus coimhnuighidh: is lór sin, thainic an úair; féuch, do bheirthear Mac an duine a lámhuibh na bpeacthach.