37 Agus tháinic sé, agus fúair sé índsan na gcodladh, agus a dubhairt sé ré Peadar, A Shimóin, an bhfuil tú ad chódladh? an né nar bhéidir leachd faire éan úaire do dhénnamh?
38 Déunaidh faire agus urnuighe, do chum nách dteigeamhadh a ccathughadh sibh. A tá an spiorad ullamh go deimhin, achd a tá an cholann anbhfann.
39 Agus ar nimtheachd úatha a rís, do rinne sé urnuighe, ag rádh na mbríathara gcéudna.
40 Agus ar bhfilleadh dhó, fúair sé a rís na gcodladh íad: (óir do bhádar a súile trom: agus ní raibh a fhios aca cionnas do bhéuraidís freagra air.
41 Agus táinic sé an treas úair, agus a dubhairt sé riú, Codluidh a nois, agus coimhnuighidh: is lór sin, thainic an úair; féuch, do bheirthear Mac an duine a lámhuibh na bpeacthach.
42 Eírghidh, imthigheam; féuch, is fogus dúinn an té bhraitheas misi.
43 Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag caint, tháinic Iúdas, áon don dá fhear dhéug, agus slúagh mór na fharradh maille ré cloidhmhibh agus lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh agus ó na sinnsioruibh.