43 Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag caint, tháinic Iúdas, áon don dá fhear dhéug, agus slúagh mór na fharradh maille ré cloidhmhibh agus lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh agus ó na sinnsioruibh.
44 Agus tug sé an té do bhraith é comhartha dhóibhsean, ag rádh, Gidh bé neach dhá dtiobhra misi póg, is é sin é; beiridh aír, agus tabhraidh libh é go coimhéudach.
45 Agus ar dteachd dhó, do chúaidh sé air ball chuigesin, agus a dubhairt sé, Día do bheatha a mhaighsidir; agus tug sé póg dhó.
46 Agus do chuir siadsan a lámha annsan: agus do ghabhadar é.
47 Achd ar dtarrang a chloidhimh a mach dfior don mhuinntir do sheas a láthair, do bhúail sé óglach an árdshagairt, agus dó bhean sé a chlúas de.
48 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An dtangabhair a mach dom ghlacadhsa, amhuil chum biothamhnaigh, lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh?
49 Do bhí mé gach éanlá aguibh sa teampall ag teagasg, agus níor ghlacabhuir mé: Achd is éigin na sgríobtuiridh do choimhlíonadh.