47 Achd ar dtarrang a chloidhimh a mach dfior don mhuinntir do sheas a láthair, do bhúail sé óglach an árdshagairt, agus dó bhean sé a chlúas de.
48 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An dtangabhair a mach dom ghlacadhsa, amhuil chum biothamhnaigh, lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh?
49 Do bhí mé gach éanlá aguibh sa teampall ag teagasg, agus níor ghlacabhuir mé: Achd is éigin na sgríobtuiridh do choimhlíonadh.
50 Agus ar na thréigean san, do theitheadar a dheisciobuil uile.
51 Agus do lean óganach áirighe é, agá raibh línéudach ag folach a lómnochdaighe; agus rugadar na hógánaigh air:
52 Agus ar bhfagbháil an línéadaigh dhósan, do theit sé lemnochd úatha.
53 Agus rugadar Iósa léo chum an árdshagairt: agus do chruinnigheadar ann sin úachdaráin na sagart uile agus na sinnsir agus na sgriobuidhe.