56 Oír do rinneadar mórán dáoine fiadhnuisi bhréige na aghaidh, achd ní thangadar a bhfíadhnuisidhe le chéile.
57 Agus déirgheadar dáoine áirighe, agus do rinneadar fíadhnuisi bhréige na aghaidh, ag rádh,
58 Do chúalamairne é ag rádh, Brisfidh mé sios an teampoll so déunta lé láimhaibh, agus a dtrí lá tóigeabhaidh mé teampoll éile gan obair lámh.
59 Achd mar sin féin ní raibh a bhfíadhnuisi ag teachd lé chéile.
60 Agus ar néirghe na sheasamh a lár cháich don ardhshagart, do chuir sé ceisd ar Iósa, ag rádh, An né nach dtabhair tú freagra ar bith úait? Créd fá ndéunaid so fíadhnuisi ad aghaidh?
61 Agus do thoch seision, agus níor fhreagair sé én ní. Do fhíafruigh an tárdsagart de a rís, agus a dubhairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Bheannuighthe?
62 Agus do fhreagair Iósa, Is mé: agus do chífidhesí Mac an duine na shuidhe air deis chumhachd Dé, agus ag teachd lé néulluibh neimhe.