61 Agus do thoch seision, agus níor fhreagair sé én ní. Do fhíafruigh an tárdsagart de a rís, agus a dubhairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Bheannuighthe?
62 Agus do fhreagair Iósa, Is mé: agus do chífidhesí Mac an duine na shuidhe air deis chumhachd Dé, agus ag teachd lé néulluibh neimhe.
63 Agus do réub úachdaran na sagart a éudach, ag rádh, Créd é an feidhm a tá aguinn ar fhíadhnuisibh feasda?
64 Do chúalabhair an bhlaisphéíme: créd dó cíthear dháoibhsi? Agus rugadarsan uile breith na aghuidhsean gur thuill sé bás.
65 Agus do thionnsgnadar dream áirighe gabháil do sheilidhibh air, agus a aghaidh dfolach, agus dórna do bhúaladh air, agus a rádh ris, Déana fáidheadóireachd: agus do ghabhadar na seirbhísigh do bhasuibh air.
66 Agus ar mbeith do Pheadair ann sa halla shíos, tháínic áon do chailínibh an ardshadshagairt:
67 Agus ar bhfaicsin Pheadair dá ghoradh dhi, tug sí dha haire é, agus a dubhairt si, Do bhí tusa fós a bhfochair Iósa Nasardha.