63 Agus do réub úachdaran na sagart a éudach, ag rádh, Créd é an feidhm a tá aguinn ar fhíadhnuisibh feasda?
64 Do chúalabhair an bhlaisphéíme: créd dó cíthear dháoibhsi? Agus rugadarsan uile breith na aghuidhsean gur thuill sé bás.
65 Agus do thionnsgnadar dream áirighe gabháil do sheilidhibh air, agus a aghaidh dfolach, agus dórna do bhúaladh air, agus a rádh ris, Déana fáidheadóireachd: agus do ghabhadar na seirbhísigh do bhasuibh air.
66 Agus ar mbeith do Pheadair ann sa halla shíos, tháínic áon do chailínibh an ardshadshagairt:
67 Agus ar bhfaicsin Pheadair dá ghoradh dhi, tug sí dha haire é, agus a dubhairt si, Do bhí tusa fós a bhfochair Iósa Nasardha.
68 Achd do shéan seisean sin, ag rádh, Ni thuigim, agus ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus do chúaidh sé a mach don phóirsi; agus do ghoir an coileach.
69 Agus do chonnairc an cailin é a ris, agus do thionnsgain sí a rádh ris an druing do bhí na seasamh a láthair, Is díobh súd an fearso.