66 Agus ar mbeith do Pheadair ann sa halla shíos, tháínic áon do chailínibh an ardshadshagairt:
67 Agus ar bhfaicsin Pheadair dá ghoradh dhi, tug sí dha haire é, agus a dubhairt si, Do bhí tusa fós a bhfochair Iósa Nasardha.
68 Achd do shéan seisean sin, ag rádh, Ni thuigim, agus ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus do chúaidh sé a mach don phóirsi; agus do ghoir an coileach.
69 Agus do chonnairc an cailin é a ris, agus do thionnsgain sí a rádh ris an druing do bhí na seasamh a láthair, Is díobh súd an fearso.
70 Agus do shéan seisean a rís. Agus fá cheann beagáin na dhíaghsin, a rís a dubhradar an mhuinntir do bhí na seasamh a láthair ré Peadar, Go fírinneach is díobh súd thusa: óir is Galiléach thú, agus is cosmhail hurlabhra ríu.
71 Achd do thionnsgain seisean ag mallughadh, agus mionnughadh, Ní haithne dhamh an duinesi a deirthí.
72 Agus do ghoir an coileach an dara húair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an fhocal a dubhairt Iósa ris, Ní is táosga na ghoirfeas an coileach fá dhó, séanfuidh tú misi trí húaire. Agus ar ndul a leiththáoibh dhó, do ghuil sé.