7 Oír a táid boichd bhar bhfochair do ghnáth, agus gidh bé húair bhus toil libh, is éidir dháoibh maith do dhéanamh dhóibh: achd ní bhía misi do ghnáth agaibh.
8 A ní dob éidir lé do rinne sí é: tháinic sí roimhe láimh dungadh mo chuirpso chum a adhluice.
9 A deirimsi ribh go fírinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhain uile an a ndéantar an soisgeulsa do sheanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar chuimhne uirrthe.
10 Agus dimthigh Iúdas Iscáriot, áon don dá fhear dhég, chum úachdarán na sagart, ionnas go mbraithfeadh sé éisean dóibh.
11 Agus ar na chluinsin sin dóibhsean, do ghabh gáirdeachus íad, agus do ghealladar go dtiobhraidís airgead dó. Agus do íarr seision am iomchubhaidh ar a bhrath dhóibh.
12 Agus an céad lá do shollamain a naráin gan laibhín, an tan do ghuáthaighdís an túan cásg do mharbhadh, a dubhradar a dheisciobail ris, Gá hait ar toil leachd sinne do dhul dullmhughadh do chum go níosdá úan na cásg?
13 Agus do chuir sé días dá dheiscioblaibh, agus a dubhairt sé riú, Imthighidh don chathraigh, agus téigeamhaidh neach oraibh ag iomchar soithigh uisge: leanaidh é.