13 Agus do éighmheadarsan a rís, Croch é.
14 Achd a dubhairt Píoláid ríu, Créd é an tolc do rinne sé? agus is moide do gháireadarsan sin, Croch é.
15 Agus do bhrígh gur mhían lé Píolaid toil an phobail do dhéunamh, do sgáoil sé Barabbás dóibh, agus tar éis Iósa do sgiúrsughadh, tug sé úadh, chum a chrochda é.
16 Agus rugadar na saighdíuiridh a sdeach don halla é, éadhon go cúirt an úachdaráin; agus do ghoireadar an chuidéachda uile a bhfochair a chéile.
17 Agus do chuireadar éadach purpuir uime, agus ag fighe corona spíne dhóibh do chuireadar air í,
18 Agus do thionnsgnadar beannughadh dhó, Día do bheatha, a Rí na Níuduigheadh!
19 Agus do bhúaileadar é an a cheann lé giolcach, agus do ghabhadar do sheilidhibh air, agus ar léigean a nglún fútha, do rinneadar úmhla dhó.