20 Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an téadach purpaír dhe, agus do chuireadar a éaduighe féin uime, agus tugadar a mach é do chum go grochaidís é.
21 Agus dó chuireadar dfíachuibh ar oglach áirighthe do bhí ag gabháil thárrsa, dar bháinm Simón Siréanach, (athair Alecsander agus Ruphus,) tháinic ón túaith a muich, a chroich diomchar.
22 Agus rugadar léo é do nionad dar ab ainm Golgota, is sé sin, re na éidirmhíniúghadh, Ionad na cloigne.
23 Agus tugadar fíon air ar cuireadh mirr ré na ól dhó: achd níor ghabh seisean é.
24 Agus an tan do chrochadar é, do roinneadar a éaduighe, air dteilgean crannchuir orrtha, créd do thóigfeadh gach neach dhíobh.
25 Agus do bhí an treas úair ann, agus do chrochadar é.
26 Agus do bhí tiodal a chóire air na sgríobhadh ós a chionn, RI NA NIUDUIGHEADH.