32 Tigeadh Críosd Rí Israél a núas a nois as an gcroich, do chum go bhfaicfimís agus go gcréidfimís. Agus na dáoine do crochadh na fhochair tugadr aithis dó.
33 Agus an tan tháinic an seiseadh húair, do bhí dorchadas ar feadh na talmhan uile go sóithe an náomhadh húair.
34 Agus ann sa náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth árd, ag rádh, Eloi, Eloi, lámá sabachtáni? a se sin, ar na eidirmhíniughadh, Mo Dhía, mo Dhía, créd fár thréig tú mé?
35 Agus a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a lathair, an tan do chúaladar sin, Féuch, a tá sé gairm Elías.
36 Agus do rioth fear dhíobh agus ar líonadh sboinc dfinegre dhó, agus ar na chur a dtimcheall giolcuigh, tug sé deoch dhó, ag rádh, Leigidh dhó; féacham an dtiocfa Elias dá leagadh a núas.
37 Agus ag éighmhe Díosa do ghúth mhór, do chúaidh a spiorad as.
38 Agus do réubadh brat rointe an teampuill na dhá chuid ó úachdar go híochdár.