35 Agus a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a lathair, an tan do chúaladar sin, Féuch, a tá sé gairm Elías.
36 Agus do rioth fear dhíobh agus ar líonadh sboinc dfinegre dhó, agus ar na chur a dtimcheall giolcuigh, tug sé deoch dhó, ag rádh, Leigidh dhó; féacham an dtiocfa Elias dá leagadh a núas.
37 Agus ag éighmhe Díosa do ghúth mhór, do chúaidh a spiorad as.
38 Agus do réubadh brat rointe an teampuill na dhá chuid ó úachdar go híochdár.
39 Agus an tan do chonnairc an senturion, do bhí na sheasamh as a chochair, go ndeachuidh a anam as ag éighmhe mar sin, a dubhairt sé, Go fírinneach do bé an duine so Mac Dé.
40 Agus do bhádar mar an gcéudna mná a bhfad úadh ag féachain: eidir a raibh Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Shéumuis bhig agus Ióses, agus Salómé;
41 Noch do lean é, an tan do bhi sé fós sa Ghalile, agus do bhí ag miniosdrálachd dó; agus mórán do mhnáibh eile do chúaidh a néinfheachd ris súas go Híarusaléim.