39 Agus an tan do chonnairc an senturion, do bhí na sheasamh as a chochair, go ndeachuidh a anam as ag éighmhe mar sin, a dubhairt sé, Go fírinneach do bé an duine so Mac Dé.
40 Agus do bhádar mar an gcéudna mná a bhfad úadh ag féachain: eidir a raibh Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Shéumuis bhig agus Ióses, agus Salómé;
41 Noch do lean é, an tan do bhi sé fós sa Ghalile, agus do bhí ag miniosdrálachd dó; agus mórán do mhnáibh eile do chúaidh a néinfheachd ris súas go Híarusaléim.
42 Agus a nois ar dteachd don tráth nóná, (do bhrigh gur bhé lá an ullmhuighthe é, eadhón, an lá roimh an tsabbóid,)
43 Táinic, Ióseph ó Arimatéa, comhairleach onórach, agá raibh fós súil ré ríoghachd Dé, agus do chúaidh sé a sdeachd go dána dionnsuighe Phíoláid, agus do íarr sé corp Iósa.
44 Agus do biongnadh lé Píoláid go mbiadh sé cheana tar éis bháis: agus do ghoir sé an sentúrion, agus do fhíafruigh sé dhe an fada ó fúair sé bás.
45 Agus ar bhfagháil fhiosa ón sentúrion, do bhronn sé an corp do Ióseph.