43 Táinic, Ióseph ó Arimatéa, comhairleach onórach, agá raibh fós súil ré ríoghachd Dé, agus do chúaidh sé a sdeachd go dána dionnsuighe Phíoláid, agus do íarr sé corp Iósa.
44 Agus do biongnadh lé Píoláid go mbiadh sé cheana tar éis bháis: agus do ghoir sé an sentúrion, agus do fhíafruigh sé dhe an fada ó fúair sé bás.
45 Agus ar bhfagháil fhiosa ón sentúrion, do bhronn sé an corp do Ióseph.
46 Agus do cheannaigh Ióseph línéadach fínealta, agus do leag sé a núas é, agus do chuir sé an línéadach uime, agus do chuir sé é a dtúama do bhí ar na thochailt a mach as charraig: agus do iomluit sé léac ar dhorus an túama.
47 Agus do bhi Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Ióses ag féuchain gá háit a gcuirfidh é.