7 Agus do bhí neach áirighe dar bhainm Barabbas, ceangailte a bhfochair a chompánach ceannairce, noch do rinne marbhadh a gceannairc.
8 Agus ag éighmhe don phobal do thionnsgnadar íarruidh air do réir mar do bíodh sé dhóibh a gcomhnuidhe.
9 Do fhreagair Pioláid dhóibh, ag rádh, A náill libh go sgáoilinn dáoibh Rí na Niúduigheadh?
10 (Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth do thoirbhir úachdaráin na sagart é.)
11 Agus do ghlúaisiodar uachdaráin na sagárt an pobal, do chum go madh táosga sgáoilfeadh sé Barabbás chuca.
12 Achd ar bhfreagra do Phíoláid, a dubhairt sé riú a rís; Ar a nadhbharsin créd as áill libh do dhéunamh dhamh ris an tési dá ngoirthi Rí na Níuduigheadh?
13 Agus do éighmheadarsan a rís, Croch é.