1 Agus a gcionn bheagáin aimsire na dhíagh sin do chuáidh sé a rís go Capernáum; agus do clós eisean do bhéith a dtigh.
2 Agus ar an mball do chruinnígheadar móran a gceann a chéile, ionnas nar thuilleadar ann sna hionadaibh a dtimcheall ann doruis: agus do rinne sé an bhriathar do sheanmóir dhóibh.
3 Agus tangadar chuige dream, ag iomchar fhir pairilisi, agá raibh ceathrar dá iomchar.
4 Agus do bhrigh nár bhéidir léo teachd a ngar dhó ón tslúagh, do nochadar mullach an tighe an a raibh sé: agus ar na pholladh dhóibh, do léigeadar sios lé téudibh an leabuibh ann a raibh na pairilisi na luighe.
5 Agus an tan do chonnairc Iósa a gcreideamh, a dubhairt sé ré fear na pairilisi, A mhic, a táid do pheacaidh ar na maitheamh dhuit.
6 Achd do bhádar drong áirighe do na sgríobuidhibh na suidhe ann sin, agus íad ag smúaintiughadh an a gcróidhthibh féin,