11 A deirimsi riot, Eirigh, agus tóguibh do leabuidh, agus imthigh dod thigh.
12 Agus do éirigh seisean ar an mball, agus ar dtógbháil a leabtha, do chuáidh sé a mach na bhfíadhnuisi uile; ionnas gur ghabh úathbhás íad uile, agus go dtugadar glóir do Dhía, ag rádh, Ní fhacamairne a leitheid so a ríamh.
13 Agus do chúaidh sé a mach a rís chum na fairge; agus táinic an slúagh uile chuige, agus do theaguisg sé íad.
14 Agus ag gabháíl tháiris dó, do chonnairc sé Lébhi mac Alphéi na shuidhe ag bórd an chusduim, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhosan do lean sé é.
15 Agus tarla, an tan do shuigh Iósa chum bídh an a thigh súd, gur shuigheadar mórán puiblicán agus peacach fós ma ráon ré Hiósa agus ré na dheisciobluibh: óir do bhádar móran, agus do leanadar é.
16 Agus an tan do chonncadar na gríobuidhe, agus na Phairisínigh eision ag caitheamh bídh a bhfochair na bpubliocá agus na bpeacach, a dubhradar ré na dheisciobluibh, Créd fá nítheann agus fá nibheann sé a bhfochair na bpubliocán agus na bpeacach?
17 Agus an tan do chúaluidh Iósa so, a dubhairt sé ríu, Ni bhfuil ríachdanus ag na dáoinibh slána ré liaigh, achd ag na dáoinibh easlán. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacach chum aithríghe.