13 Agus do chúaidh sé a mach a rís chum na fairge; agus táinic an slúagh uile chuige, agus do theaguisg sé íad.
14 Agus ag gabháíl tháiris dó, do chonnairc sé Lébhi mac Alphéi na shuidhe ag bórd an chusduim, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhosan do lean sé é.
15 Agus tarla, an tan do shuigh Iósa chum bídh an a thigh súd, gur shuigheadar mórán puiblicán agus peacach fós ma ráon ré Hiósa agus ré na dheisciobluibh: óir do bhádar móran, agus do leanadar é.
16 Agus an tan do chonncadar na gríobuidhe, agus na Phairisínigh eision ag caitheamh bídh a bhfochair na bpubliocá agus na bpeacach, a dubhradar ré na dheisciobluibh, Créd fá nítheann agus fá nibheann sé a bhfochair na bpubliocán agus na bpeacach?
17 Agus an tan do chúaluidh Iósa so, a dubhairt sé ríu, Ni bhfuil ríachdanus ag na dáoinibh slána ré liaigh, achd ag na dáoinibh easlán. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacach chum aithríghe.
18 Agus do throisgeadar deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach: agus tígid agus a deirid risean, Créd fá dtroisgid deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach, agus nach déunid do dheisciobailsi trosgadh?
19 A dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé clóinn séomra an fhir núaphósda, an fad bhías an fear núaphósda na bhfochair trosgadh do dhéanamh? an fad a tá an fear núaphósda aca na bhfochair, ní fhéidir leo trosgadh do dheanamh.