6 Achd do bhádar drong áirighe do na sgríobuidhibh na suidhe ann sin, agus íad ag smúaintiughadh an a gcróidhthibh féin,
7 Créad fá labhrann an fear so blaispheimighe mar so? cia fhéudus peacuigh do mhaitheamh achd Día na áonar?
8 Agus ar an mball ar na aithne Diósa an a spíoraid féin go rabhadarsan ag smuáintiughadh mar sin ionnta féin, a dubhairt sé ríu, Créd fá smuáintisi na neithesi an bhur gcroidhthibh?
9 Cía is usa a rádh ré fear na pairilisi, A táid do pheacuigh ar na maitheamh dhuit; na a rádh, Eirigh, agus tóguibh do leaba, agus siobhail?
10 Achd ionnas go mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaith ar an dtalamh, (a deir sé ré fear na pairilisi,)
11 A deirimsi riot, Eirigh, agus tóguibh do leabuidh, agus imthigh dod thigh.
12 Agus do éirigh seisean ar an mball, agus ar dtógbháil a leabtha, do chuáidh sé a mach na bhfíadhnuisi uile; ionnas gur ghabh úathbhás íad uile, agus go dtugadar glóir do Dhía, ag rádh, Ní fhacamairne a leitheid so a ríamh.