1 Agus dó chúaidh Iósa a sdeach a rís don tsionagóig; agus do bhi neach ann sin agá raibh a láimh ar na seargadh.
2 Agus do bhádar agá bhrath, an sláinéochadh sé é san tsabbóid; ionnus go gcuirfidís cúis air.
3 Agus a deir sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthaigh, Sheasamh a meadhón cháich.
4 Agus a dubhairt sé riusan, An ceaduigheach maith, ná olc do dhéanamh san tsabbóid? anam do shlánughadh, nó do mharbhadh? Achd do éisdeadarsan.
5 Agus ar bhfeachain go feargach orrthasan na thímcheall, ar ngabháil dóilghis chuige ar son chrúais a gcróidheadhsan, a dubhairt sé ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shín: agus do haiseagadh a lámh slán mar an láimh eile.
6 Agus ar ndul a mach do na Phairisíneachuibh, do rinneadar comhairle ar an mball le muinntir Iorúaith na aghaidhsion, cionnas do mhíllfhidís é.
7 Achd do chúaidh Iósa maille ré na dheisclobluibh do leath táoibh chum na fairge: agus do lean slúagh mor on Ghalilé, agus ó thír Iúdaighe é.