11 Agus an tan do chidís na spioraidighe neamhghlana é, do shléachdaidís do, agus do éighmhidís, ag rádh, Is tusa Mac Dé.
12 Achd do bhagair séisean go mór orrtha, do chum nach bhfoilseochaidís é.
13 Agus do chúaidh sé súas an tansin ar shliábh, agus do ghoir sé chuige an dream do budh toil leis: agus tangadar chuige.
14 Agus do órduigh sé dhá fhear dhéug do bheith na fhochair, do chum go cuirfeadh sé do dhéunamh seanmóra íad,
15 Agus go mbíadh aca cumhachda easláinteadh do léigheas, agus deamhain do theilgean amach:
16 Agus air Shiómon tug sé Peadar mar ainm;
17 Agus Séumas mac Sebede, agus Eóin dearbhrathair Shéumuis; (agus tug sé Boanérges danmanuibh orrtha, is ionann sin ré rádh, agus Clann na tóirrníghe:)