14 Agus do órduigh sé dhá fhear dhéug do bheith na fhochair, do chum go cuirfeadh sé do dhéunamh seanmóra íad,
15 Agus go mbíadh aca cumhachda easláinteadh do léigheas, agus deamhain do theilgean amach:
16 Agus air Shiómon tug sé Peadar mar ainm;
17 Agus Séumas mac Sebede, agus Eóin dearbhrathair Shéumuis; (agus tug sé Boanérges danmanuibh orrtha, is ionann sin ré rádh, agus Clann na tóirrníghe:)
18 Agus Aindriás, agus Philip, agus Bartoloméus, agus Matha, agus Tomás, agus Séumas mac Alphéi, agus Tadéus, agus Siómón an Canániteach,
19 Agus Iúdas Iscáriot, an tí do bhraith é, agus tangadar don tigh.
20 Agus do chruinnigheadar an tslúagh a rís, ionnus nar bhéidir léo fíu an bhídh do chaitheamh.