26 Agus má éirgheann Sátan na aghaidh féin, agus go mbía sé roinnte, ni héidir leis seasamh, achd atá deireadh aige.
27 Ní héidir le neach ar bith dul a sdeach go tigh duine láidir, agus a airnéis tighe dhfúadach leis, muna ccuibhrighe sé ar tús an duine láidir úd; agus ann sin sladfuidh sé a thigh.
28 A deirim ribh go fírinneach, Go maithfithear na huile pheacadh do chlannuibh na ndáoine, agus gach blaisphéime dá laibhéoruid:
29 Achd gidh bé déaras blaispheíme a naghaidh an Spioraid Náoimh, ní fhághann sé maithfeachus choidhche, achd atá sé cionntach ón bhreitheamhnus shiorruighe:
30 Oír a dubhradar, Is spiórad neamhghlan atá aige.
31 Uime sin tangadar a dhearbhráithre agus a mhaithar, agus, ar seasamh a muigh dhóibh, do chuireadar fios chuigesion dá ghairin.
32 Agus do shuidh an slúagh na thimcheall, agus a dubhradar ris, Féuch, atá do mhathair agus do dhearbhráithre a muich ad iárruidh.