28 A deirim ribh go fírinneach, Go maithfithear na huile pheacadh do chlannuibh na ndáoine, agus gach blaisphéime dá laibhéoruid:
29 Achd gidh bé déaras blaispheíme a naghaidh an Spioraid Náoimh, ní fhághann sé maithfeachus choidhche, achd atá sé cionntach ón bhreitheamhnus shiorruighe:
30 Oír a dubhradar, Is spiórad neamhghlan atá aige.
31 Uime sin tangadar a dhearbhráithre agus a mhaithar, agus, ar seasamh a muigh dhóibh, do chuireadar fios chuigesion dá ghairin.
32 Agus do shuidh an slúagh na thimcheall, agus a dubhradar ris, Féuch, atá do mhathair agus do dhearbhráithre a muich ad iárruidh.
33 Agus ar bhfregra dhóibh, a dubhairt sé, Cia hí mo mhathair, nó mo dhearbhraithre?
34 Agus ar bhféachain ar an muinntir do bhí na suidhe na thimcheall, a deir sé, Féuch mo mhathairsi agus mo dhearbhraithre!