4 Agus a dubhairt sé riusan, An ceaduigheach maith, ná olc do dhéanamh san tsabbóid? anam do shlánughadh, nó do mharbhadh? Achd do éisdeadarsan.
5 Agus ar bhfeachain go feargach orrthasan na thímcheall, ar ngabháil dóilghis chuige ar son chrúais a gcróidheadhsan, a dubhairt sé ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shín: agus do haiseagadh a lámh slán mar an láimh eile.
6 Agus ar ndul a mach do na Phairisíneachuibh, do rinneadar comhairle ar an mball le muinntir Iorúaith na aghaidhsion, cionnas do mhíllfhidís é.
7 Achd do chúaidh Iósa maille ré na dheisclobluibh do leath táoibh chum na fairge: agus do lean slúagh mor on Ghalilé, agus ó thír Iúdaighe é.
8 Agus ó Ierusaléím, agus ó Iduméa, agus ón táobh thall do Iórdán; agus an dream do aitreabh timcheall Tírus agus Sidon, an tan do chúaladar méud na neitheadh do rinne se, tangadar chuige buidhan mhór.
9 Agus a dubhairt seisean ré na dheisciobluibh, long bheag do bheith do ghnáth ag feitheamh air ón tslúagh, ionnus nach brúidhfidís é.
10 Oír do shlánuigh sé mórán; ionnus gur lingeadar air an mhéid ar a rabhadar easláinteadha, do chum go gcuiméolaidís ris.