9 Agus a dubhairt seisean ré na dheisciobluibh, long bheag do bheith do ghnáth ag feitheamh air ón tslúagh, ionnus nach brúidhfidís é.
10 Oír do shlánuigh sé mórán; ionnus gur lingeadar air an mhéid ar a rabhadar easláinteadha, do chum go gcuiméolaidís ris.
11 Agus an tan do chidís na spioraidighe neamhghlana é, do shléachdaidís do, agus do éighmhidís, ag rádh, Is tusa Mac Dé.
12 Achd do bhagair séisean go mór orrtha, do chum nach bhfoilseochaidís é.
13 Agus do chúaidh sé súas an tansin ar shliábh, agus do ghoir sé chuige an dream do budh toil leis: agus tangadar chuige.
14 Agus do órduigh sé dhá fhear dhéug do bheith na fhochair, do chum go cuirfeadh sé do dhéunamh seanmóra íad,
15 Agus go mbíadh aca cumhachda easláinteadh do léigheas, agus deamhain do theilgean amach: