39 Agus ar ndul a steach, a dubhairt sé ríu, Créd fá bhfuil búaidhreadh oruibh, agus créd fá nguiltí? ni bhfúair an cailín bás, achd is na codladh a tá sí.
40 Agus do rinneadarsan fónamhad fáoi. Achd cheana ar gcur cháich uile a mach dhósan, beiridh sé athair agus máthair an chailín leis, agus an dream do bhí na fhochair féin, agus téid sé a sdeach mar a raibh an cailín na luighe.
41 Agus air mbreith dhó air láimh an chailín, a dubhairt sé ria, Talita cúmi; is é sin, ar na eidirmhínigheadh, A chailín a deirim riot, éirigh:
42 Agus do éirigh an cailín ar an mball, agus do shiubhail sí; óir do bhí sí a gcionn a dá bhlíadhan déug. Agus do ghabh úathbhás romhór íadsan.
43 Agus do aithin sé dhíobh do roighéur, gan a fhios so do thabhairt déanduine; agus a dubhairt sé ní do thabhairt don chailín ré a ithe.