1 Agus do imthigh sé as sin, agus táinic sé dhá thír féin; agus do leanadar a dheisciobuil fein é.
2 Agus an tan tháinic an tsabbóid, do thionnsgain sé teagasg do dhéanamh ann sa tsínagóig: agus do ghabh iongnadh mórán dá gcúalaidh é, ag rádh, Créd as a dtigid na neitheisi chum an fhirsi? agus créd í a neagna so tugadh dhó, ionnas go ndéuntar a leitheide so do shubhailcighibh tré na lámhuibh?
3 An né nach é so an sáor úd, mac Mhuire, agus dearbhráthair Shéumais agus Iosés, agus Iúdais agus Shímóin? agus an né nach bhfuilid a dheirbhsheathracha ann so eadruinne? Agus fúaradar oilbhéim ann.
4 Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil fáidh gan mheas, achd an a thir féín, agus eidir a dháonibh gáoil, agus an a thigh féin.